Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Teach Bhaile Chonaill agus an Tiarna Olphart. Scéal faoi oíche amháin nuair a bhí sé óg nuair a chuaigh sé féin agus grúpa cairde síos ag goid úlla. Chonaic an fear a d’fhág siad ag faire taibhse John Olphart, dúirt sé go raibh sé ina sheasamh ag a thaobh agus bhí sé ábalta inse dóibh go díreach caidé a bhí sé cosúil leis. Tá John Olphart curtha lena dhá mhadadh i mBaile Chonaill.
Scéal eile faoi fhear eile a bhí i mBaile Chonaill, bhí sé ag obair mar fhear faire agus dúirt sé gur iomaí uair a chonaic sé taibhse John Olphart, go háirithe sa tsean pháirt den fhoirgneamh san áit ina raibh a sheomra leapa agus an teach pobail i mBaile Chonaill. | 00:10:26 | |
Fuair John Olphart bás in 1901 ach is iomaí scéal a bhí ann fá dtaobh de. Bhí sagart ar an Fhál Carrach san am a bhí ag iarraidh píosa talaimh lena theach pobail a thógáil air ach ní bhéarfadh John Olphart, an tiarna talún, do é. Deirtear gur úsáid an sagart cumhacht de chineál inteacht air agus go raibh an tOlphartach faoi gheasa aige, ní raibh an tOlphartach ábalta fáil amach as an trap a bhí leis. B’éigean dona bhean céile fear a thabhairt léi as Baile Chonaill a labhair leis an sagart, Cannon ab ainm don fhear seo. Thóg an sagart an gheis nuair a gheall an tOlphartach an píosa talaimh de a bhí de dhíobháil air. | 00:04:33 | |
Ní raibh an tOlphartach maith dona hoibrithe ach bean iontach dheas a bhí ina bhean. Sluaistí agus spáda uilig a bhí acu leis na cuibhrinn a bhí le rómhair a oibriú i lár ha hoíche. Mar a roinn sé na píosaí talaimh ar na hoibrithe in áit iad a dhíol. | 00:03:54 | |
Deirtí fosta go raibh deirfiúr den Olphartach ar an eastát chomh maith, bhí sí míchumasach. Fuarthas uaigh le gairid nuair a bhítí ag déanamh obair ar an talamh, meastar gur sin an áit inár cuireadh í. | 00:01:49 | |